• Éist arís: Páirc na Gaeltachta - Why did Dublin's 'Gaeltacht' fail?
    Dec 25 2025

    Nuair a smaoiníonn muid ar Ghaeltacht, is minic a thagann íomhá chugainn d'áit iargúlta, cois farraige, ar imeall na tíre. Ach le 100 bliana anuas, rinneadh iarrachtaí déanta le nua-Ghaeltachtaí a bhunú sna cathracha agus ar imeall na bailte móra. Amharcann Ursula Ní Shionainn siar ar roinnt de na hiarrachtaí seo. Cad chuige gur éirigh le ceann nó dhó ach gur theip ar an chuid is mó acu?


    Foclóir:


    Dlús: Density


    Athdháileadh: Redistribution


    Líonraí: Networks


    Riachtanais: Requirements


    Coilíneacht: Colony


    Léas: Lease


    Bardas: Municipality


    Treorach: Directive


    Tomhas: To gauge


    Lonnaíocht: Settlement


    Eiseamláir: Model


    Bagairt: Threat


    Ag snámh in aghaidh easa: Swimming against the stream


    Féiniúlacht: Identity


    Díchoilíniú: Decolonising


    Morálta: Moral

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    Show More Show Less
    20 mins
  • Thuas seal, thíos seal: Best and worst den Ghaeilge i 2025
    Dec 18 2025

    Ag amharc siar ar an bhliain a bhí, is fíor go raibh an Ghaeilge thuas seal thíos seal.


    Bhí sí faoin spotsolas go minic le linn na bliana agus bhí neart ceannlíntí a thug ardú croí do Ghaeilgeoirí.


    Le Ros na Rún ag ceiliúradh 30 bliana ar an fhód, méadú as cuimse ar úsáid na Gaeilge ar Tik Tok agus méadú suntasach ar líon na mac léinn Gaeilge in Ollscoil na Banríona, bhí go leor le bheith bródúil as i 2025.


    Ach i measc na scéalta a thug ardú meanma do na Gaeil, bhí scéalta ann a laghdaigh misneach fosta, go háirithe sa chóras oideachais agus díolúintí ó stáidéar ar an nGaeilge ag an leibhéal is airde riamh.


    Mar sin de, agus deireadh na bliana ag teannadh linn, cén rath a bhí ar ár dteanga dhúchasach i 2025?


    Ar Seachtain labhair Tessa Fleming le Storm Eaton-Kilgallen faoi na ‘top-picks’ atá aici féin don bhliain seo.



    Foclóir:


    Mórshiúl: March


    Gan teorann: Unrestricted


    Impleachta: Implications


    Trasteorann: Cross-border


    Gruama: Bleak


    Réabhlóideach: Revolutionary


    Malartú: Exchange or swap


    Gearchéim tithíochta - housing crisis


    Uafás: Horror


    Teanga oibre: Working language


    Míthuiscint: Misunderstanding


    Insealbhaithe: Inducted


    Neamhaird: Disregard


    Infheicthe: Visible


    Cúisithe: Accused


    Sceimhlitheoireacht: Terrorism

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    Show More Show Less
    23 mins
  • Cé mhéad teaghlach atá ag tógáil clann le Gaeilge sa Ghaeltacht?
    Dec 11 2025

    Tá tuarascáil nua seolta ag Tuismitheoirí na Gaeltachta a léiríonn líon na dteaghlach atá ag tógáil clann le Gaeilge sna Gaeltachtaí.


    Tá figiúirí le haghaidh gach ceann den 26 Limistéar Pleanála Teanga (LPT) san áireamh sa tuarascáil.


    Níl ach 3 LPT sa Ghaeltacht ar féidir a rá go bhfuil os cionn 50% de theaghlaigh ag tógáil a gclann le Gaeilge iontu.


    Mar sin, cén fáth nach bhfuil níos mó daoine ag tabhairt a dteanga dúchais dá gcuid páistí?


    Ar Seachtain, labhair Sorcha Ní Chéilleachair, Ceannasaí Tuismitheoirí na Gaeltachta, faoi cad é a léiríonn an taighde nua seo dúinn.


    Is ball den trust project é Seachtain agus ba mhian linn go mbeidh muinín agaibhse ionainn. Is féidir ár mbeartas eitice a léamh ag independent.ie/ourjournalism


    Foclóir:


    Comhluadar: Companionship


    Lánúineacha: Couples


    Daonáireamh: Census


    Slat tomhais: A measuring-rod


    LPT: Limistéar Pleanála Teanga


    Abhainn: River


    Mórtas: Pride


    Seasmhach: Stable/Consistant


    Céatadán: Percentage


    Iniúchadh: Examination


    Rangú: Categorisation

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    Show More Show Less
    18 mins
  • Pól Deeds: Tabharfaidh an Coimisinéir Gaeilge nua dúshlán na meán.
    Dec 10 2025

    Ba chéim stairiúil chun cinn é don teanga ó thuaidh nuair a ceapadh an Dr Pól Deeds, Leas-Phríomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, mar Coimisinéir Gaeilge. Ach, leis na focail ‘weaponise’ agus ‘divisive’ in úsáid go minic agus an Ghaeilge á phlé ar na meáin Bhéarla ó thuaidh, an cailís nimhe é ról an Choimisinéara nua?

    ­

    Agus an féidir le Pól Deeds athmhuintearas a chothú idir an dá thaobh den scoilt teangeolaíochta ó thuaidh?

    ­

    Láithreoir: Ciarán Dunbar, Aoi: Pól Deeds

    ­

    Foclóir:

    • Corraitheach: Tumultuous

    • Cúinsí: Circumstances

    • Cailís nimhe: Poisoned chalice

    • Leas-phríomhfheidhmeannach: Deputy Chief Executive

    • Sainchuntas: Specification

    • Craiceann thiubh: Thick skin

    • Cearrbhachas: Gambling

    • Riar: Administer

    • Athmhuintearas: Bridge-building

    • An dá thrá a fhreastal: To do two things at the same time

    • An pobal P.A.D: Protastúnach, Aontachtach, Dílseach

    • Naimhdeas: Animosity

    • Baol: Danger

    • Gaol: Relationship

    • Dea-chleachtas: Best practice

    • Reachtaíocht: Legislation

    • Linn: Pool

    • Díomhaoin: Idle

    • Aiseanna: Resources

    • Ceardlann: Workshop

    • Fealsúnacht: Philosophy

    • I dtaca le: Regarding

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    Show More Show Less
    22 mins
  • Fear a mharaigh cailín óg Gaeltachta ag lorg ath-thástáil ar an bhfianaise
    Dec 4 2025

    Ba ionsaí é a bhain siar as pobal beag Gaeltachta i gCo. na Gaillimhe.



    I mí na Nollaig 1998, maraíodh déagóir óg, Siobhán Hynes, go brúidiúil agus í amuigh don oíche ar an gCeathrú Rua. Ní raibh ach seacht mbliana déag aici.



    Fuarthas a corp ar chladach beag, tuairim ar dhá mhíle go leith as sráidbhaile na Ceathrún Rua.



    Cúisíodh John McDonagh, fear áitiúil, as an dúnmharú, agus tá 24 bliana caite aige sa phriosún as Siobhan a mharú agus a éigniú.



    Shéan sé gach cúis ón tús agus anois tá sé ag éileamh ath-thástáil nua ar an bhfianaise a chualathas sa chás.



    Ar Seachtain, labhair Tessa Fleming leis an iriseoir Áine Ní Bhreisleáin




    Foclóir:


    Ionsaí: Attack


    Éigniú: Rape


    Lá arna mhárach: The next day


    Fíochmhar: Vicious


    Tacht: Choke


    Báigh: Drown


    Fianaise: Evidence


    Slabhra: Chain


    Éadach: Clothing


    Snáithíní: Fibres


    Caomhnaithe: Preserved


    Machnamh: Deliberation


    Maígh: Claim or allege


    Athbhreithniú: Review


    Appeal: Achomharc


    Saineolaí: Expert


    An Chúirt Achomhairc: The Court of Appeal


    Ag séanadh: Denying


    Ath-thástáil: Retest


    Is iomaí: Many

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    Show More Show Less
    21 mins
  • Bill Clinton: Cuairt chonspóideach an chéad Uachtarán Meiriceánach ó thuaidh
    Nov 27 2025
    Tríocha bliain ó shin, tharla rud nár tharla riamh roimhe. Thug Uachtarán na Stát Aontaithe Bill Clinton - an polaiteoir is cumhachtaí ar domhan - cuairt ar Thuaisceart na hÉireann don chéad uair riamh. Ar lá stairiúil i 1995, le linn shos cogaidh an IRA nuair a leagadh síos na gunnaí agus na buamaí, sheas Clinton os comhair na mílte i nDoire agus labhair sé faoin tsíocháin. Ach cad chuige go raibh daoine ina éadan? Agus cén tionchar a bhí ag an chuairt ar an choimhlint? Labhraíonn Tessa Fleming leis an iriseoir polaitíochta John Downing. Foclóir: Toscaire: Envoy Barántas: Guarantee Seal: Stint Báúil Sympathetic Cáineadh: Criticism A seacht ndícheall: Did their best Do ladar a chur isteach: To interfere Cnámh spairne: Bone of contention Eisceachtúil: Exceptional Tagairt: Reference Ardú meanman: Raise one’s spirits Buan: Permanent Drogall: Hesitation Sos cogaidh: Ceasefire

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    Show More Show Less
    21 mins
  • Tar éis an X-odus: Cá bhfuil na Gaeil ar líne anois?
    Nov 20 2025

    Bhí ré órga ag an Ghaeilge ar líne ar feadh tamaill, go háirithe ar Twitter - go dtí gur cheannaigh Elon Musk an t-ardán i 2022. Ina dhiaidh sin, tharla an ‘X-odus’, d’fhág roinnt comhlachtaí móra agus roinnt daoine aitheanta slán le ‘X’, agus bhí líon suntasach Gaeilgeoirí ina measc. Mar sin, cá háit ina bhfuil na Gaeil ag bailiú ar líne anois? Agus an bhfuil spás ar bith ann ar líne d’ardán sóisialta atá go hiomlán i nGaeilge?


    Láithreoir: Áine Ní Bhreisleáin, Aíonna: Osgur Ó Ciardha, Storm Eaton-Kilgallen, Caoimhe Ní Chathail


    Foclóir:


    Tionchairí: Influencers


    Ionadaíocht: Representation


    Folláin: Healthy


    Idirdhealú: Differentiation


    Leas a bhaint as: To make good use of


    Gairmiúl: Professional


    Borradh: Boom or growth


    I mbolgán: In a bubble


    Meall: Attract


    Imeallú: Marginalisation


    Fuinneamh: Energy


    Fotheidil: Subtitles


    Cos ar bolg: Repress


    Feiceálach: Visible


    Tearman: Sanctuary


    Figh: Weave


    Éascú: Facilitate





    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    Show More Show Less
    24 mins
  • DJ Carey: Ó ghlóir Pháirc an Chrócaigh go gruaim Mountjoy Prison
    Nov 13 2025

    Bhí clú agus cáil ar DJ Carey mar dhuine de na himreoirí iománaíochta is fearr a chonaic an tír seo riamh.


    Le linn na 90óidí agus ag tús na mílaoise, ba laoch é, ní amhain i gCill Chainnigh, ach i measc chosmhuintir na tíre ar fad.


    Bhí saol an mhadra bháin aige féin agus a pháirtí Sarah Newman le linn ré an Tíogair Ceiltigh, bhí tithe acu in áiteanna ar leith sa tír, agus ba mhinic iad ag dul ar saoire thar lear.


    Mar sin de, cá huair a chuaigh rudaí ar strae do DJ?


    Láithreoir: Tessa Fleming, Aoi: Eimear Ní Bhraonáin



    Foclóir:


    Feall: Betray


    Dallamullóg: Decieve


    I sáinn: In a fix or jam


    Faoi amhras: Under suspicion


    Mílaoise: Millenium


    Flaithiúil: Generous


    Cothromaíocht: Balance


    Craobh na hÉireann: All Ireland Championship


    Lánúin: Couple


    Iasacht: Borrow or lend


    Scaradh: Breakup


    Ailse: cancer


    Cóir leighis: Medical treatment


    Tuiscint: Understanding


    Macánta: Honest

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    Show More Show Less
    25 mins