Seachtain cover art

Seachtain

Seachtain

By: Irish Independent
Listen for free

About this listen

Scéalta, Eolas, Tuairimí; An Indo as Gaeilge.

2026 Irish Independent
Politics & Government
Episodes
  • Epstein, the files agus an nasc le hÉirinn
    Feb 11 2026

    Tá an sciar is déanaí de na comhaid a bhaineann le Jeffrey Epstein ag cothú ceannlínte nuachta ar fud an domhain i gcónaí, coicís ó foilsíodh iad.

    Tá breis agus trí mhilliún comhaid scaoilte sa chuid is déanaí, físeáin, grianghraifeanna, ríomhphoist, téacsanna, agus tuairiscí nuachta fiú.

    Tá na mílte ainmneacha luaite sna cáipéisí - cé go bhfuil sé tábhachtach le cur ina luí ar dhaoine nach ionann a bheith luaite sna comhaid is a rá go raibh aon olc nó éagóir déanta ag na daoine sin.

    I measc na gcáipéisí atá curtha ar fáil don phobal, tá tagairtí go leor ann d’Éirinn.

    Ar Seachtain, glacann an t-iriseoir Ciarán Dunbar muid tríd na snáithíní a cheanglaíonn Jeffery Epstein leis an tír bheag seo.

    Foclóir:

    • Comhaid: Files
    • Cáipéisí: Documents
    • Diabhlaíocht: Devilment
    • Mí-úsáid ghnéis: Sexual abuse
    • Clár na gciontóirí gnéis: Sex offenders register
    • Curtha ina leith: He was accused of
    • Seilbh a ghlacadh ar: To take possession of
    • Faic: Nothing
    • Cloí le: Abide by or stick with
    • Éagóir: wrongdoing
    • An chloch is mó ar a phaidrín: His greatest concern
    • Gar: Favour
    • Teaghlach ríoga na Breataine: British Royal Family
    • Líomhaint: Allegation
    • Comhaontú Aoine an Chéasta: Good Friday Agreement
    • Príomh-ailtire: Main architects
    • Smál: Stain or taint
    • Beannacht: Blessing
    • Ciontaíodh é: He was found guilty
    • Neamhaird: Ignore
    • Tá aiféala air: He regrets

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    Show More Show Less
    23 mins
  • Noah Donohoe: Eolas suntasach ag teacht amach ón ionchoisne
    Feb 6 2026
    I mí an Mheithimh 2020, baineadh siar as daoine ar fud na tíre nuair a chualathas faoi bhás neamhchoitianta buachalla óig i dtuaisceart Bhéal Feirste. Tháinig na póilíní ar chorp Noah Donohoe, a bhí sna luath-dhéaga, i ndraein stoirme i dtuaisceart na cathrach, i bhfad óna theach féin, sé lá tar éis dó imeacht ar iarraidh. Tá go leor ceisteanna ann go fóill faoina bhás agus osclaíodh ionchoisne trí seachtaine ó shin chun iarracht a dhéanamh cuid de na ceisteanna sin a fhreagairt. Ar Seachtain, labhair an t-iriseoir Liam Tunney faoi na bomaití is suntasaí san ionchoisne go dtí seo.

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    Show More Show Less
    20 mins
  • Dunmharú Shaun Duffy: Pobal beag Gaeltachta ina dhiaidh an ionsaí
    Feb 5 2026

    Sa bhliain 2005, thiar i gceantar tuaithe i nGaeltacht Dhún na nGall, tharla ionsaí fíochmhar a d’fhág smál ar an phobal ann le breis agus fiche bliain anuas.

    Dúnmharaíodh Shaun Duffy, fear a bhí 36 bliain d'aois, ina theach féin tar éis oíche cheiliúrtha ar an 29 Eanáir. Níor cúisíodh éinne as an dúnmharú a tharla bliain is fiche ó shin. Tá achainí úr déanta ag na Gardaí ar dhuine ar bith a bhfuil eolas acu faoi dhúnmharú.

    Láithreoir: Tessa Fleming, Aoi: Áine Ní Bhreisleáin


    Foclóir:


    An Clochán Liath: Dungloe


    Ceantar tuaithe: Rural area


    Faoi ghlas: Locked


    Stróicthe: Ripped


    Ba léir: It was obvious


    Saighead: Arrow


    Sciathán: Arm


    Adhlacóir: Undertaker


    Geallghlacadóireacht: Betting


    Ar leac an dorais: On the doorstep


    Ag cíoradh: Combing


    Ráitis: Statements


    Feiceálach: Visible


    Ráflaí: Rumours


    Naimhde: Enemies


    Fíochmhar: Savage


    Na beithígh: Horses or cattle


    Ina sheilbh: In his possession


    Leid: Tip or advice


    Coiste cróinéara: Coroner's inquest


    Ag achainí ar dhaoine: Appealing to people

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    Show More Show Less
    17 mins
No reviews yet
In the spirit of reconciliation, Audible acknowledges the Traditional Custodians of country throughout Australia and their connections to land, sea and community. We pay our respect to their elders past and present and extend that respect to all Aboriginal and Torres Strait Islander peoples today.