Episodes

  • 20251118_IRISH__ordu_tugtha_enoch_burke_a_chur_i_bpriosun_aris
    Nov 18 2025
    jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/24cpc2fh Contact: irishlingos@gmail.com Order given to re-imprison Enoch Burke. Ordú tugtha Enoch Burke a chur i bpríosún arís. The High Court has ordered secondary school teacher Enoch Burke to be re- imprisoned, and without delay, for his disregard of an order to stay away from Wilson's Hospital school in Co. Westmeath. Tá ordú tugtha ag an Ard-Chúirt an múinteoir meánscoile Enoch Burke a chur i bpríosún an athuair, agus gan mhoill, mar gheall ar an neamhaird atá sé a thabhairt ar ordú fanacht amach ó scoil Wilson's Hospital i gCo na hIarmhí. Judge Brian Cregan said in court today that Enoch Burke's strategy was to provoke conflict, insult people and bully people. Dúirt an Breitheamh Brian Cregan sa chúírt inniu gurbh é an straitéis a bhí ag Enoch Burke achrann a tharraingt, daoine a mhaslú agus bulaíocht a dhéanamh ar dhaoine. Despite being fined and having security guards placed on duty at the school, the judge said, Enoch Burke refused to stay away from the premises as ordered. In ainneoin gur gearradh fíneálacha air agus gur cuireadh gardaí slándála ar dualgas ag an scoil, arsa an breitheamh, dhiúltaigh Enoch Burke fanacht amach ón áit mar a ordaíodh dó. The judge also said that Enoch Burke had a duty to obey the law, like every other citizen, but instead the teacher and his family sought to undermine the authority of the courts. Dúirt an breitheamh freisin go raibh dulagas ar Enoch Burke géilleadh don dlí, cosúil le gach saoránach eile, ach ina áit sin gur fhéach an múinteoir agus a theaghlach leis an mbonn a bhaint d'údarás na gcúirteanna. The Burke family carried out a coordinated and sustained attack on the rule of law in this country, the judge said. Rinne muintir Burke ionsaí comhordaithe agus leanúnach ar riail an dlí sa tír seo, arsa an breitheamh. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ
    Show More Show Less
    6 mins
  • 20251118_IRISH__paschal_donohoe_eirithe_as_an_rialtas,_post_nua_aige
    Nov 18 2025
    jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/28y74qub Contact: irishlingos@gmail.com Paschal Donohoe resigns from Government, takes up new position. Paschal Donohoe éirithe as an Rialtas, post nua aige. Fine Gael Finance Minister Paschal Donohoe is to step down from his political duties in Ireland after being appointed Managing Director and Chief Information Officer at the World Bank, the second most senior position in that organisation. Tá an tAire Airgeadais Paschal Donohoe ó Fhine Gael le héirí as a chúraimí polaitíochta in Éirinn tar éis dó a bheith ceaptha ina Stiúrthóir Bainistíochta agus ina Phríomhoifigeach Eolais sa Bhanc Domhanda, an dara post is sinsearaí san eagraíocht sin. He has already resigned from his role as Minister for Finance and will step down as a Dáil member later this week. Tá sé éirithe as a chúram mar Aire Airgeadais cheana féin agus éireoidh sé as mar Theachta Dála níos deireanaí an tseachtain seo. It is understood that the Government will appoint a new Minister for Finance this evening. Tuigtear go gceapfaidh an Rialtas Aire Airgeadais nua tráthnóna. Paschal Donohoe is 51 years old and has been an MLA for Dublin Central since 2011. 51 bliain d'aois atá Paschal Donohoe agus tá sé ina Theachta Dála i mBaile Átha Cliath Láir ó 2011. He was appointed Minister of State for European Affairs in 2013 and Minister for Transport, Tourism and Sport the following year. Ceapadh é ina Aire Stáit um Ghnóthaí Eorpacha in 2013 agus ina Aire Iompair, Turasóireachta agus Spóirt an bhliain dar gcionn. He was appointed Minister for Public Expenditure and Reform in 2016 and Minister for Finance in 2017. Ceapadh é ina Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe in 2016 agus ina Aire Airgeadais in 2017. As with its new position, the World Bank's primary responsibility is to provide low-interest loans to developing countries. Mar lena phost nua, is é príomhchúram an Bhainc Dhomhanda iasachtaí ar rátaí ísle úis a chur ar fáil do thíortha atá i mbéal forbartha. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ
    Show More Show Less
    7 mins
  • 20251114_IRISH__4_bliana_ar_fhear_faoi_thiomaint_a_raibh_bas_mar_thoradh_air
    Nov 14 2025
    jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2bmwxa39 Contact: irishlingos@gmail.com 4 years for a man driving under the influence which resulted in death. 4 bliana ar fhear faoi thiomáint a raibh bás mar thoradh air. A 51-year-old man was sentenced to 4 years in prison today for dangerous driving which resulted in the death of another man in County Donegal three years ago. Gearradh téarma príosúnachta 4 bliana inniu ar fhear 51 bliain d'aois as tiomáint chontúirteach a bheith ar bun aige a raibh bás fir eile mar thoradh air i gContae Dhún na nGall trí bliana ó shin. Shaun Duffy was driving on the wrong side of the N13 road in Saran Glebe, on 5th July 2022 and his car collided with a van driven by Mervyn McClure (70). Thiomáin Shaun Duffy ar an taobh mícheart de bhóthar an N13 i nGléib Sháráin, an 5ú Iúil 2022 agus bhuail a charr i gcoinne veain a bhí á thiomáint ag Mervyn McClure (70). McClure later died in hospital as a result of the accident. Bhásaigh McClure san ospidéal ina dhiaidh sin de thoradh na timpiste. Shaun Duffy has also been banned from the road for 10 years. Tá Shaun Duffy curtha den bhóthar freisin ar feadh 10 mbliana. A test conducted by gardaí after the accident showed that he was under the influence of alcohol. I dtástáil a rinne gardaí air i ndiaidh na timpiste léiríodh go raibh sé faoi thionchar an óil. It was not the first time Duffy had been guilty of such a crime, he had been convicted 6 other times before the day of this tragedy. Níorbh é an chéad uair ag Duffy a bheith ciontach ina léithid de choir, ciontaíodh 6 huaire eile é roimh lá na tragóide seo.
    Show More Show Less
    5 mins
  • 20251109_IRISH__ardu_88%_ar_lion_na_dtithe_airbnb_sa_ghaeltacht_o_2019
    Nov 9 2025
    jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2cgsvjuf Contact: irishlingos@gmail.com 88% increase in the number of Airbnb homes in the Gaeltacht since 2019. Ardú 88 faoin gcéad ar líon na dtithe Airbnb sa Ghaeltacht ó 2019. The number of homes available on Airbnb in the Gaeltacht has increased by 88% since 2019, according to new figures published by Conradh na Gaeilge and the tenants' association CATU. Tá ardú 88 faoin gcéad tagtha ó 2019 ar líon na dtithe atá ar fáil ar Airbnb sa Ghaeltacht, de réir figiúirí nua atá foilsithe ag Conradh na Gaeilge agus ag an gcumann tionóntaí CATU. That's a 40% increase more than the national increase. Sin ardú 40 faoin gcéad níos mó ná an t-ardú náisiúnta. In the West Kerry and South Kerry Language Planning Areas, for example, more than 16% of all private properties in both places are homes available on Airbnb, according to the figures. I Limistéir Phleanála Teanga Chiarraí Thiar agus Chiarraí Theas, cuir i gcás, is tithe atá ar fáil ar Airbnb iad níos mó ná 16 faoin gcéad de na háitribh phríobháideacha ar fad sa dá áit, de réir na bhfigiúirí. In the Islands District of Connemara, there were nine homes available on Airbnb in 2019 compared to 27 in 2025, an increase of 200%. I gCeantar na nOileán i gConamara, bhí naoi dteach ar fáil ar Airbnb in 2019 le hais 27 in 2025, ar méadú de 200 faoin gcéad é sin. In Gaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire and Lough an Uír in Co Donegal, there were 66 homes available on Airbnb in 2019 compared to 139 this year, an increase of 110%. I nGaoth Dobhair, i Rann na Feirste, in Anagaire agus i Loch an Iúir i gCo Dhún na nGall, bhí 66 teach ar fáil ar Airbnb in 2019 le hais 139 i mbliana, ar méadú de 110 faoin gcéad é. Róisín Ní Chinnéide, Advocacy Manager for Conradh na Gaeilge, said that the figures show that "the Gaeltacht is being strangled by Airbnb's tight grip" and criticized the Government for turning everyone's fundamental right to have a place to live into a commodity. Dúirt Róisín Ní Chinnéide, Bainisteoir Abhcóideachta Chonradh na Gaeilge go léiríonn na figiúirí "go bhfuil an Ghaeltacht á tachtadh ag greim docht Airbnb" agus cháin sí an Rialtas as an mbuncheart atá ag gach duine áit chónaithe a bheith acu a iompú ina earra. Paul D'Eath from CATU called for legislation to be introduced to tackle the problem. D'iarr Paul D'Eath ó CATU reachtaíocht a thabhairt isteach le dul i ngleic leis an bhfadhb. The figures were compiled by the action group Inside Airbnb on behalf of Conradh na Gaeilge and CATU. Is iad lucht an ghrúpa gnímh Inside Airbnb a chuir na figiúirí i dtoll a chéile ar son Chonradh na Gaeilge agus CATU. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ
    Show More Show Less
    9 mins
  • 20251030_IRISH__trump_ag_maiomh_as_comhaontu_nua_leis_an_tsin
    Oct 30 2025
    jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/23h3hh5p Contact: irishlingos@gmail.com Trump touting a new deal with China. Trump ag maíomh as comhaontú nua leis an tSín. US President Donald Trump said he and Chinese President Xi Jinping reached a significant trade agreement in a meeting the two men held in the South Korean city of Busan. Dúirt Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump gur tháinig sé féin agus Uachtarán na Síne Xi Jinping ar chomhaontú suntasach trádála i gcruinniú a bhí ag an mbeirt fhear i gcathair Busan sa Chóiré Theas. Trump said he agreed to reduce tariffs on Chinese goods from 47% to 57% in exchange for a promise from Xi that China would resume buying soybean products from the United States, that China would continue to supply rare earth minerals to the international market, and that China would do more to prevent the production of the drug fentanyl in that country. Thug Trump le fios gur shocraigh sé ar tharaifí ar earraí ón tSín a laghdú ó 47 faoin gcéad go 57 faoin gcéad mar mhalairt ar ghealltanas ó Xi go gceannódh an tSín táirgí pónairí soighe ó na Stáit Aontaithe arís, go leanfadh an tSín ag soláthar mianrai tearcithreacha don mhargadh idirnáisiúnta agus go ndéanfadh an tSín tuilleadh le táirgeadh an druga feantainil sa tír sin a chosc. Trump is very proud of that and said it was a "great meeting." Is mór an maíomh ag Trump an méid sin agus dúirt sé gur "cruinniú iontach ar fad" a bhí ann. Xi made a more moderate statement after the meeting, then. Ráiteas níos measartha a rinne Xi i ndiaidh an chruinnithe, más ea. According to him, "representatives of the two countries reached an agreement on the best way to address important economic and trade issues" and "it was now important to finalize the details and implement what had been agreed". Dar leisean gur "tháinig ionadaithe an dá thír ar chomhaontú faoin mbealach is fearr le dul i gceann ceisteanna tábhachtacha eacnamaíochta agus trádála" agus "nár mhór anois bailchríoch a chur ar na mionsonraí agus ar aontaíodh a chur i bhfeidhm". Trump and Xi met at a summit of Pacific leaders and the talks between the two reportedly lasted two hours. Is ag cruinniú mullaigh de cheannairí thíortha an Áigéin Chiúin a tháinig Trump agus Xi le chéile agus tuairiscítear gur dhá uair an chloig a mhair na comhráite idir an bheirt. Above all else, the Americans want to solve the issue of rare earth minerals because China, more than any other country, has the most of them. Thar aon cheist eile, teastaíonn ó na Meiriceánaigh ceist na mianrai tearcithreacha a réiteach ós sa tSín, thar aon tír eile, is mó atá siad le fáil. The discussions between Trump and Xi focused on economic and trade matters and did not appear to discuss contentious political or military issues. Is ar chúrsaí eacnamaíochta agus trádála a díríodh sna comhráite idir Trump agus Xi agus is cosúil nár pléadh ceisteanna achrannacha polaitíochta ná míleata. Trump said that the fate of Taiwan, for example, was not mentioned, and it seems that not a syllable was said about the new military agreement between the United States and South Korea. Dúirt Trump nár luadh a bhfuil i ndán don Téaváin, cuir i gcás, agus dealraíonn sé nach ndúradh oiread agus siolla faoin gcomhaontú nua míleata idir na Stáit Aontaithe agus an Chóiré Theas. In addition, a few minutes before the meeting between the two leaders, Trump announced on his own social media that the United States intended to test nuclear weapons again, for the first time since 1992. Ina cheann sin, cúpla nóiméad roimh an gcruinniú idir an bheirt cheannairí, d'fhógair Trump ar a mheán sóisialta féin go raibh rún ag na Stáit Aontaithe airm núicléacha a phromhadh an athuair, an chéad uair ó 1992. Neither of them said a word about that after the meeting, however. An drae focal faoi sin ní dúirt ceachtar acu i ndiaidh an chruinnithe, áfach. RTÉ News and Current Affairs
    Show More Show Less
    12 mins
  • 20251023_IRISH__iarrthoiri_uachtaranachta_ag_stocaireacht_in_aiteanna_eagsula
    Oct 23 2025
    jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2baut57r Contact: irishlingos@gmail.com Presidential candidates lobbying in various locations. Iarrthóirí Uachtaránachta ag stocaireacht in áiteanna éagsúla. The two candidates in the Presidential election are campaigning in different regions of the country today – half and half in Leach-Quinn and half in Leach- Mogha – with only two days left before the big day itself. Tá an bheirt iarrthóirí sa toghchán Uachtaránachta ag stocaireacht i réigiúin éagsúla sa tír inniu – idir Leath Chuinn agus Leath Mhogha leath ar leath – agus gan ach dhá lá fanta roimh an lá mór féin. Among those in Munster is Fine Gael candidate Heather Humphreys, between Cork and Co Clare. I measc na ndaoine i gCúige Mumhan atá iarrthóir Fhine Gael Heather Humphreys, idir Corcaigh agus Co an Chláir. She was first in Cork city this morning, then in Ballycastle, and from there she will go to Enniscray. I gcathair Chorcaí a bhí sí ar dtús ar maidin, i mBaile Mhisteála ina dhiaidh sin, agus rachaidh sí as sin go hInis an Chláir. Left-wing candidate Catherine Connolly is in Ulster, going out through the people in Co. Monaghan and Co. Cavan. Is in Ultaibh atá iarrthóir na heite clé Catherine Connolly agus í ag dul amach trí na daoine i gCo Mhuineacháin agus i gCo an Chabháin. She will visit Athlone in County Westmeath this afternoon and Mullingar afterwards. Tabharfaidh sí sciuird ar Bhaile Átha Luain i gCo na hIarmhí tráthnóna agus ar an Muileann gCearr ina dhiaidh sin. The pair clashed in the final election debate which aired on RTÉ television last night. Chuaigh an dís in árach a chéile i ndíospóireacht dheireanach an toghcháin a bhí ar siúl ar theilifís RTÉ aréir. Heather Humphreys was the most controversial of them all during the debate, and if the polls are true, she is far behind Catherine Connolly. Ba í Heather Humphreys ba spairní díobh le linn na díospóireachta arae, más fíor do na pobalbhreitheanna, tá sí i bhfad chun deiridh ar Catherine Connolly. According to political analysts, then, while it cannot be said that neither of them was without a sense of urgency, neither of them was without a sense of urgency. Dar leis na hanailísithe polaitíochta, más ea, cé nach bhféadfadí a rá nár bhain béim chreabhair do cheachtar acu nár buaileadh an bhrathbhéim ar cheachtar acu. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ
    Show More Show Less
    7 mins
  • 20251019_IRISH__bealach_rafah_i_gaza_le_hathoscailt_gan_mhoill
    Oct 19 2025
    jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2bj33wjx Contact: irishlingos@gmail.com Rafah crossing in Gaza to reopen soon. Bealach Rafah i Gaza le hathoscailt gan mhoill. It is hoped that the Rafah crossing in the Gaza Strip will be open again by next Sunday. Tá súil go mbeidh bealach Rafah i Stráice Gaza oscailte arís faoin Domhnach seo chugainn. The Israeli Foreign Minister announced this this morning. Aire Gnóthaí Eachtracha Iosrael a thug an méid sin le fios ar maidin inniu. For the first time in 2 years, Palestinians will have the right to enter and leave Gaza. Den chéad uair le 2 bhliain beidh sé de cheart ag Pailistínigh teacht agus imeacht as Gaza. However, it is uncertain whether food will be allowed in through that route on a regular basis, with hundreds of trucks now on standby to provide humanitarian aid to the people of the strip. Níltear cinnte áfach an gceadófar bia isteach tríd an bhealach sin ar bhonn rialta agus na céadta leoraithe faoi réir anois le cúnamh daonchabhrach a chur ar fáil do phobal an stráice. It is said that there is now an urgent need for a large amount of assistance in light of what the community has suffered there since October 2023. Deirtear go bhfuil géarghá anois le líon ard cúnaimh i bhfianaise an méid atá fulaingte ag an bpobal ansin ó Dheireadh Fómhair 2023. Israel remains deeply dissatisfied with what it says is the slowness of Hamas militants in returning the bodies of the hostages they were holding. Tá míshástacht mhór ar Iosrael i gcónaí maidir leis an mhoilleadóireacht a deir sé atá ar threallchogaithe Hamas i dtaca le coirp na ngialla a bhí á gcoinneáil acu a thabhairt ar ais. Hamas says that some of these bodies are heavily covered in debris and that special equipment is required to access them, not to mention additional time. Deir Hamas go bhfuil roinnt de na coirp sin faoi bhrat trom smionagair agus go bhfuil trealamh speisialta ag teastáil le teacht orthu gan trácht ar bhreis ama. It is estimated that 19 bodies have not yet been returned to their families in Israel. Áirítear go bhfuil 19 corp le teaghlaigh in Iosrael nach bhfuil tugtha ar ais dóibh go fóill. Inbar Hayman (27) received a state funeral in Israel this morning. Fuair Inbar Hayman (27) sochraid stáit in Iosrael ar maidin inniu. She was the last female body held by Hamas, a woman who was kidnapped during the Nova festival in October 2023 and killed sometime later. B'ise an corp mná deiridh a bhí coinnithe ag Hamas, bean a fuadaíodh le linn fhéile Nova i nDeireadh Fómhair 2023 agus a maraíodh am éigin ina dhiaidh sin. Some reports say that the Israeli military campaign is continuing despite a ceasefire being declared in Gaza. Deir tuairiscí áirithe go bhfuil feachtas míleata Iosrael ag leanacht ar aghaidh i gcónaí ainneoin sos comhraic a bheith fógraithe i Gaza. Hamas claims that up to 20 people have been killed there in the past week. Maíonn Hamas go bhfuil suas le 20 duine maraithe ansin le seachtain.
    Show More Show Less
    9 mins
  • 20251014_IRISH__priosun_gearrtha_ar_fhear_og_a_ghlac_pairt_i_gcireibeacha
    Oct 14 2025
    jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/23eqpol6 Contact: irishlingos@gmail.com A young man who took part in riots has been sentenced to prison. Príosún gearrtha ar fhear óg a ghlac páirt i gcíréibeacha. In Dublin Circuit Criminal Court, a young man who pleaded guilty to taking part in anti-immigration riots in the city last year and setting fire to a Luas tram was sentenced to four years in prison – the latter suspended. I gCúirt Chuarda Choiriúil Bhaile Átha Cliath, gearradh ceithre bliana príosúin – an ceann deireanach ar fionraí – ar fhear óg a phléadáil ciontach i bpáirt a ghlacadh i gcíréibeacha in aghaidh na hinimirce sa chathair arú anuraidh agus i dtram Luas a chur trí thine. That's Evan Moore, a 20-year-old apprentice electrician, from Grangemore Road in Donaghmede in north Dublin. Sin é Evan Moore, leictreoir faoi oiliúint 20 bliain d'aois, as Bóthar na Gráinsí Móire i nDomhnach Míde i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath. A Garda told the court that Evan Moore had been incited to violence on social media and had ignored his mother's pleas not to enter the city centre on the night of November 23, 2023. Dúirt Garda sa chúirt gur gríosaíodh chun foréigin ar na meáin shóisialta Evan Moore agus gur thug sé neamhaird ar achainí a mháthar gan dul isteach i lár na cathrach oíche an 23 Samhain 2023. It was said that he broke a window on the tram and dragged a bin that was already on fire into it. Dúradh gur bhris sé fuinneog ar an tram agus gur tharraing sé isteach ann araid a bhí trí lasadh cheana. Luas services had to be suspended for twenty-four hours due to the arson and it was estimated that €5 million worth of damage was caused to the tram. B'éigean seirbhísí Luas a chur ar fionraí ar feadh ceithre huaire is fiche mar gheall ar an loscadh agus áiríodh go ndearnadh luach €5 mhilliún de dhamáiste don tram, a dúradh. It was not until six months later that Gardaí arrested Evan Moore while taking part in an extreme right-wing protest. Ní go dtí sé mhí ina dhiaidh sin a ghabh na Gardaí Evan Moore agus é ag glacadh páirt in agóid de chuid na heite deise antoiscí. The young man had never been convicted before and was said to have deeply regretted what he had done. Níor ciontaíodh an fear óg riamh cheana agus dúradh go raibh an- aiféala go deo air as a ndearna sé. It was also revealed that he had completed an anti-racism course. Tugadh le fios freisin go raibh cúrsa frithchiníochais déanta aige. Judge Orla Crowe said she took all of that into account when considering the sentence she would impose on the offender. Dúirt an Breitheamh Orla Crowe gur chuir sí é sin ar fad san áireamh nuair a bhí sí ag déanamh a machnamh ar an bpianbhreith a ghearrfadh sí ar an gciontach. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ
    Show More Show Less
    8 mins